School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 203
  3. XML “An tSlat Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bpobal cér'bh í agus cad as gur tháinig sí. Bhí cleití agus ornáidí breághtha uirthi agus cad é galántacht. D'umhluig an capall do'n sagart, agus bhí iongantas ins gach súill. Nuair a bhí an stair deireannach do'n Aifreann léighte phreab an capall d'á ghlúinibh agus b'siúd an dorus amach iad. Phreab mac an rí na diaidh agus sciop sé an bhróig ghloine d'á chois, agus choinnibh sé an bhróg.
    Tháinig sí abhaile ar leathbhróg agus chuir an capall agus an chulaith isteach 'on ghallán. Tháinig a bheirt abhaile agus ba sheacht measa an chainnt a bhí acu i dtaobh na mná uaisle. Dúbhradar go raibh gairmscoile le cur amach ná pósfhadh mac an rí aon bhean ach p'é bean a oireamhnóchadh an bhróg.
    Chuaidh mac an rí agus a lucht leanamhna amach ar a gcapaill ar lorg na mná. Thángadar go dtí'n mbeirt. Thriaileadar an bhróg; baineadar na sála agus na hórdóga dóibh féin, ach níor bh'aon mhaitheas é. Bhí an cailín beag óg istig fé bhéal roithig mór an t-am ar fad, le heagla go bhfeicfheadh mac an rí í. Nuair a bhí sé an dorus amach chuala sé an scríobadh taobh istig.
    "Cad é seo?" ar sé.
    "Banbh atá fé'n soitheach," ars an ingean críonna. Scríob an cailín istig airís agus siúd soir mac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Cheárna
    Gender
    Female