Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 203
- XML “An tSlat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bpobal cér'bh í agus cad as gur tháinig sí. Bhí cleití agus ornáidí breághtha uirthi agus cad é galántacht. D'umhluig an capall do'n sagart, agus bhí iongantas ins gach súill. Nuair a bhí an stair deireannach do'n Aifreann léighte phreab an capall d'á ghlúinibh agus b'siúd an dorus amach iad. Phreab mac an rí na diaidh agus sciop sé an bhróig ghloine d'á chois, agus choinnibh sé an bhróg.
Tháinig sí abhaile ar leathbhróg agus chuir an capall agus an chulaith isteach 'on ghallán. Tháinig a bheirt abhaile agus ba sheacht measa an chainnt a bhí acu i dtaobh na mná uaisle. Dúbhradar go raibh gairmscoile le cur amach ná pósfhadh mac an rí aon bhean ach p'é bean a oireamhnóchadh an bhróg.
Chuaidh mac an rí agus a lucht leanamhna amach ar a gcapaill ar lorg na mná. Thángadar go dtí'n mbeirt. Thriaileadar an bhróg; baineadar na sála agus na hórdóga dóibh féin, ach níor bh'aon mhaitheas é. Bhí an cailín beag óg istig fé bhéal roithig mór an t-am ar fad, le heagla go bhfeicfheadh mac an rí í. Nuair a bhí sé an dorus amach chuala sé an scríobadh taobh istig.
"Cad é seo?" ar sé.
"Banbh atá fé'n soitheach," ars an ingean críonna. Scríob an cailín istig airís agus siúd soir mac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann