School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
![The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 206](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_206.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 206
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 206
- XML “An tSlat Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dom an bhfuil buaidhreamh ro mór
ar mhac a rí óig," ars an bhean óg.
"Ní shileann a méiríním mille,
Ní sheimeann a cruit ceól
Agus go deimhin tá buaidhreamh ró mhór ar mac an rí óig," arsa Micí.
D'eachtraig sí a scéal tríd síos do'n aodhaire agus d'eachtruig seisean an scéal do mhac an rí.
"Sin í mo chomrádaidhe-se anois agus mo chlann mac," arsa mac an rí. "Raghad go dtí tig na muc 'chaon oidhche feachaint an dtiocfhaidís ann."
Bhuail an bhean agus a triúr mac amach i dtosach oidhche bhreágh gealaighe. Chuadar inaice dorus na cúirte. Bhuail an mac óg buille ar an liathróid a bhí aige, agus cá raghadh an liathróid ach isteach fé cathaoir a athar.
"O hanam 'on diucs," ar sé, "tá mo liathróid imthighthe isteach fé chathaoir mo Dhaid."
Chualaidh an t-athair é. Léim sé d'á chathaoir agus greamuig an ceathrar idir dhá linn an doruis.
D'eachtruig a bhean an scéal do agus is air a bhí an t eirghe anáirde agus an lúthgháir. D'orduig sé an drifiúr críonna a dhóghadh i mbeiste de tharra, agus mhair sé féin is a bhean is a clann go sona sásta as san amach.- Collector
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female