School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 208
- XML “Mairnéalach Loinge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má fhanann sí liomsa go slánóchad an bhliain,
Is buachaill deas óg me bheidh fós ann mar cliamhain.
V
Is raghaidh me ar an aonach is díolfhaidh me bó,
Raghad ar an tarna haonach is díolfhad dhá bhó,
Raghad ar an tríomhadh haonach is díolfhad mo stór
Annsan raghaidh me ar an luing is ní casfad go deó.
VII
Is aoibhinn dos na h-éanaibh a bhíonn ag léimrig go hárd,
Is a thagann chun a chéile ar aon chraoibhín amháin
Ní mar sin dom fhéinig is dom chéad míle grádh
Tá chómh fada ó na chéile is tá an réiltín ó'n Spáinn.
VII
Nach aoibhinn is nach aerach do'n té a bhíonn ag ól
Ní bhíonn peaca san tsaoghal air ná aon nidhe dá shórt;
Bíonn a chapaill aige go gléasta ar thaobh cnuic lá ceóig,
Is a chéad shearc ag baile is í ag feachaint na dheóidh.
VIII
Raghad go Cill Chraobhaig ag baint sméara lá ceóidh
Ag baint úbh'la do bharra géagaibh is ag aoidhreacht sean-bhó(continues on next page)