Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 208
- XML “Mairnéalach Loinge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má fhanann sí liomsa go slánóchad an bhliain,
Is buachaill deas óg me bheidh fós ann mar cliamhain.
V
Is raghaidh me ar an aonach is díolfhaidh me bó,
Raghad ar an tarna haonach is díolfhad dhá bhó,
Raghad ar an tríomhadh haonach is díolfhad mo stór
Annsan raghaidh me ar an luing is ní casfad go deó.
VII
Is aoibhinn dos na h-éanaibh a bhíonn ag léimrig go hárd,
Is a thagann chun a chéile ar aon chraoibhín amháin
Ní mar sin dom fhéinig is dom chéad míle grádh
Tá chómh fada ó na chéile is tá an réiltín ó'n Spáinn.
VII
Nach aoibhinn is nach aerach do'n té a bhíonn ag ól
Ní bhíonn peaca san tsaoghal air ná aon nidhe dá shórt;
Bíonn a chapaill aige go gléasta ar thaobh cnuic lá ceóig,
Is a chéad shearc ag baile is í ag feachaint na dheóidh.
VIII
Raghad go Cill Chraobhaig ag baint sméara lá ceóidh
Ag baint úbh'la do bharra géagaibh is ag aoidhreacht sean-bhó(leanann ar an chéad leathanach eile)