Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 220](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_220.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 220
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor mhaith liom bean go mbeadh leatsa is liomsa aici de ghnáth
Ach mo chéad ghrádh an bhean d'fanfhadh ar aon fear amháin.
V
Má bhíonn tú liom bí liom ós cómhair an tsaoghail
Má bhíonn tú liom bí láimh liom lá agus oidhch'
Má bhíonn tú liom bí liom gach órlach dod' chroidhe
Is sé mo mhíle creach nách liom Dé Domhnaig í mar mhnaoi.
VI
D'aithnigheas féin ag baint na luachrach aréir
Gur thug bean searc a's gean rómhór dom scéimh,
Do chuireas 'mo thoil le na toil is ghluaiseamair araon
Is is minic a bhain bhean slat a bhuailfheadh í fhéin.
VII
Do rómharfhainn, bhainfhinn, chuirfhinn síol duit 'on chré,
Do sheólfhainn na buaibh fé'n ngort is aoirde d'á ngeóbhainn féar,
Chuirfhinn crú fé'n each is mire d'ar shiúbhlaig riamh ar fhéar,
Is go n-éalóchadh bean leó fear ná déanfhadh san féin.