School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uachtrach i shean-chaisleán diamhair. Bhí spící móra iarainn timcheall fallaí an Chaisleáin sin. Bhí an oidhche cíordhubh uaigneach, a's ní raibh fhios aici cár fhág sí a fhear. Ní fheadair sí thoir ó thiar, a's bhí sí d'á dhalladh amach ag an saoghal. Chonnaic sí baile beag dorcha tamall uaithe agus chuaidh sí fá na dhéin. A leithéid ní fheaca sí ariamh. Bhuail sí uirthi culaith an fir a bhí ins an mailín bóthair aici. Chuaidh sí isteach i mbothán beag a bhí i mbéal lána grándha salach. Bhí aindiseóir seana mhná craptha sa chúinne, agus feasóg liath uirthi le canncar is le críonnacht, a's nuair a chonnaic sí an péarda duine uasail chúiche aníos an t-úrlár baineadh preab aisdi. B'ait léi cad a sheól ina leithéid d'áit a leithéid d'fear mór groidhe galánta.
"Buail chúgham aníos a chroidhe go gcimileóchaidh me cuid do'n súithe seo dhuit go ndéanfhad ar nós mhuinntir an bhaile seo thú. Baile diamhair é a chroidhe atá fé draoidheacht ag cailleach atá sa Caisleán úd thall. Mílltear agus coirightear gach aoinne a thagann i ngaor na háite ach ní baoghal duit má bhíonn an súithe cimilte duit," ars an tsean bhean. "Tá an cailleach san 'ár gcrádhadh is 'ár gciapadh riamh, is níl rígh ná rath ar aoinne atá ins an mbaile bréan brónach so. Tá sé sa tairngreacht go(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry