School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtiocfhaidh mac rí Éireann chun í a chlaoidhe is go mbeidh inár gcumas ár gceann d'árdú annsan. Tá shean-chlaidheamh annsan thíos fé'n leabaidh a's an té a leagfhaidh an roth mhuillin sin amuigh léi sin é an té a leagfhaidh an Caisleán, mar tuitfhidh sé in aonfhacht leis an roth."
Bhí an rún ag an mnaoi annsan agus chuimhnig sí go dtiocfhadh a fear féin luath nú déannach a's gur dhóichighe gur b'é a bhí luaidhte sa tairngreacht.
"Coimeádfhad-sa tú an fhaid is mian leat fanúint ach i gcúnntas an tsaoghail ná cuir do cheann amach thar dorus mar tá an áit seo go nimhneach," ars an t-sean bhean.
Ba dheacair leis an mnaoi claoidhe le h-aon áit is gan tuairisc a fir aici. Ach cad a bhí le déanamh aici? Thosnuig sí ag figheadh boscaodaí mar chaitheamh aimsire is ba mór an seódh chúcha í. Bíodh scata deanta aici in aghaidh na seachtmhaine a's sheóladh an tsean bhean chun an chaladh phuirt di iad, a's dheinidís scata airgid ortha.
Nuair a dhúisig an gaiscidheach b'ait leis cá'r imthig a bhean, nó cad a thárla di. Ní raibh stiúruightheóir na eólus le fághail aige, a's bhí sé i gcruadhchás. Bhí an scarlaod imthighthe leis. D'oscail sé an máilín bog, a's cad a bhí ann ach éadach na mná. Bhí a chuid éadaig féin tais(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry