School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 259
- XML “Druimín Ó Luachair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhíos ag gabháil amach thar beárna[in] do chonnac fear beag 'na shuidhe cois an chlaidhe agus é ag cantaireacht do féin:
'Druimín Ó Luachair is ainm dom
Druimín Ó Luachair is ainm dom
Is ní fios do'n gcailín é.'"
Phreab croidhe an chailín mar bhí an rún scéithte. Ba dh'óbair nár chuaidh sí as a meabhair le neart áthais.
Tháinig an fear beag go tóirtéiseach amáireach.
"Ó céad fáilte rómhat a Dhruimín Ó Luachair," ars an cailín.
Chaith an fear beag an snáithín uaidh ar an úrlár agus siúd amach tríd an bhfuinneóig é ar nós splannc tóirnighe. Bhí sé ar buille a's ar báinní le neart feirge.
Ach níor bhfada i na dhiaidh sin ná go raibh scéal nua san áit. Pósadh mac an rí agus an cailín seo. Bhí baineise trí laé is trí oidhche acu, agus do bhí íseal agus uasal ar aon cóir agus chothrom ag an mbaineise sin.- Informant
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Gender
- Female