Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 259
- XML “Druimín Ó Luachair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíos ag gabháil amach thar beárna[in] do chonnac fear beag 'na shuidhe cois an chlaidhe agus é ag cantaireacht do féin:
'Druimín Ó Luachair is ainm dom
Druimín Ó Luachair is ainm dom
Is ní fios do'n gcailín é.'"
Phreab croidhe an chailín mar bhí an rún scéithte. Ba dh'óbair nár chuaidh sí as a meabhair le neart áthais.
Tháinig an fear beag go tóirtéiseach amáireach.
"Ó céad fáilte rómhat a Dhruimín Ó Luachair," ars an cailín.
Chaith an fear beag an snáithín uaidh ar an úrlár agus siúd amach tríd an bhfuinneóig é ar nós splannc tóirnighe. Bhí sé ar buille a's ar báinní le neart feirge.
Ach níor bhfada i na dhiaidh sin ná go raibh scéal nua san áit. Pósadh mac an rí agus an cailín seo. Bhí baineise trí laé is trí oidhche acu, agus do bhí íseal agus uasal ar aon cóir agus chothrom ag an mbaineise sin.- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann