School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 266
- XML “Morainn na Foighne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Níor leig sí uirthi go bhfeaca sí í, agus siúd anáirde staighre airís í. I gceann tamaill tháinig an mháthair bhaistighe isteach sa t-seómra chúiche. "Cad a chonnaicis nuair a chuadhais síos staighre?" ars í le Morainn.
"Ní fheaca faic a mháthair baistighe," arsa Morainn.
"Cuirfhead amach as mo thig tú muna bhfuil tú chun é a innsint dom," ars an mháthair baistighe.
Ruaig sí Morainn bocht amach as an dtig agus d'imthig sí roimpe ag siubhal an bhóthair gan fhios aici cá raibh sí ag dul. Sa deire casadh isteach i dtig rí í agus tógadh in aimsir sa tig sin í. Thuit mac an rí i ngrádh léi agus pósadh iad taréis tamaill. Do rugadh mac óg dóibh. Bhí dháréag ban choimhdeachta ag an bprionnsa nua. Tháinig an mháthair bhaistighe agus d'fhiafruig sí do Mhorainn cad a chonnaic sí nuair a thuit an cheirtlín óir síos staighre uaithe.
"Ní fheaca faic," arsa Morainn.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry