School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 293
- XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Craos galar: (i) Anál duine ná feacaidh a athair riamh (gur cailleadh a athair sar a saoghalaigeadh é) a chur i mbéal an leinbh naoi maideanacha a's an bheirt ar cealacan. B'é seo an leigheas ab' feárr.
(ii) Ganndal bán--a ghob a chur siar i scórnaig an leinbh ar feadh naoi maideanacha.Tinneas Droma: (i) I gCorca Dhuibhne -- Dul isteach tré "Cró na snáthaide" + fuinneóigín bheag caol atá i dteampall Cill-MaolCeadair.
(ii) An sceach gheal a bheirbhiú agus an t-uisce a chuimilt do'n áit tinn.Scórnach Tinn: (i) Turas Chill Ghobnait a thabhairt ar feadh trí turais.
(ii) olann caora dubh go mbeadh allus na caorach innti a théigheadh agus é a chur in a locadh maith leis an scoraigh.
(iii) Mil beach
(iv) Im leighte (leachta).Tinneas Cinn: Fáisceán a chur air agus gealacán uibh leastuig do. Tinneas Cluaise: (i) Oinniún go mbeadh dath dubh nó corcra air a róstadh ins an dteine , a's a chur isteach sa chluais.
(ii) Cloch iarainn té go maith a chur thíos fed' cluais.
(iii) Prátaí bruighte fe'n luaithrig -éadach a chasadh ortha agus iad a chur anuas ar an gcluais.(continues on next page)