Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 293
- XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Craos galar: (i) Anál duine ná feacaidh a athair riamh (gur cailleadh a athair sar a saoghalaigeadh é) a chur i mbéal an leinbh naoi maideanacha a's an bheirt ar cealacan. B'é seo an leigheas ab' feárr.
(ii) Ganndal bán--a ghob a chur siar i scórnaig an leinbh ar feadh naoi maideanacha.Tinneas Droma: (i) I gCorca Dhuibhne -- Dul isteach tré "Cró na snáthaide" + fuinneóigín bheag caol atá i dteampall Cill-MaolCeadair.
(ii) An sceach gheal a bheirbhiú agus an t-uisce a chuimilt do'n áit tinn.Scórnach Tinn: (i) Turas Chill Ghobnait a thabhairt ar feadh trí turais.
(ii) olann caora dubh go mbeadh allus na caorach innti a théigheadh agus é a chur in a locadh maith leis an scoraigh.
(iii) Mil beach
(iv) Im leighte (leachta).Tinneas Cinn: Fáisceán a chur air agus gealacán uibh leastuig do. Tinneas Cluaise: (i) Oinniún go mbeadh dath dubh nó corcra air a róstadh ins an dteine , a's a chur isteach sa chluais.
(ii) Cloch iarainn té go maith a chur thíos fed' cluais.
(iii) Prátaí bruighte fe'n luaithrig -éadach a chasadh ortha agus iad a chur anuas ar an gcluais.(leanann ar an chéad leathanach eile)