School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 297
- XML “Galair ar Ainmhithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar Chaoire:An chrithir-olla: An iomarca feóla fé ndeara an galar. Deirtear má baintear fuil as an ainmidhe go ndeineann sé bogadh dóibh – an chluas nó an t-earball a gearradh beagán.Léith-uisce: Luibh iseadh é seo a itheann na caoire agus a thagann chun galair dóibh. Caithtear brath ar an ndochtúir chun leighis dóibh.An Chrúibíneach: Tagann so ar bhuaibh agus ar chaoire. Aol a chaitheamh thíos fes na hainmhidhthe agus iad a chur isteach sa chró a deintí fadó. An t-aol a dhortadh timcheall an úrláir.Aguisín.Leigheas eile air an gceathramha dhuibh – Gairleóg (luibh a fhásann sa thalamh) a thabhairt le n-itheadh do'n ainmidhe.Builg uisce: Galar a thagann ar capaill agus ar bhuaibh.
(i) Min-ruis a beirbhiú agus deoch a dheanamh di ar uisce beirbhthe an leigheas dóibh.
(ii) Leigheas eile - Teine d'adú thíos fé bholg an ainmidhe agus í a théigheadh go maith. Deineann an teas agus an deathach an t-uisce do bhaint ina shileadh ó cheann an ainmhidhe.