Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar Chaoire:An chrithir-olla: An iomarca feóla fé ndeara an galar. Deirtear má baintear fuil as an ainmidhe go ndeineann sé bogadh dóibh – an chluas nó an t-earball a gearradh beagán.Léith-uisce: Luibh iseadh é seo a itheann na caoire agus a thagann chun galair dóibh. Caithtear brath ar an ndochtúir chun leighis dóibh.An Chrúibíneach: Tagann so ar bhuaibh agus ar chaoire. Aol a chaitheamh thíos fes na hainmhidhthe agus iad a chur isteach sa chró a deintí fadó. An t-aol a dhortadh timcheall an úrláir.Aguisín.Leigheas eile air an gceathramha dhuibh – Gairleóg (luibh a fhásann sa thalamh) a thabhairt le n-itheadh do'n ainmidhe.Builg uisce: Galar a thagann ar capaill agus ar bhuaibh.
(i) Min-ruis a beirbhiú agus deoch a dheanamh di ar uisce beirbhthe an leigheas dóibh.
(ii) Leigheas eile - Teine d'adú thíos fé bholg an ainmidhe agus í a théigheadh go maith. Deineann an teas agus an deathach an t-uisce do bhaint ina shileadh ó cheann an ainmhidhe.