School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon bheartuidheacht a dhéanamh go deo uirthe.
Gheibhidís stán bláthaighe ó mhnaoi dos na cómharsain gach maidean. An lá so mhairbh sé céad cuil a bhí timcheall an stáin agus dubhairt sé le na mhnaoí dul go dtí an siúnéir agus a rádh leis clár a dhéanamh do agus é bheith scríobhtha air go marbhóchadh sé céad pearsa d'aon bhuille amháin.
Seadh deineadh amhlaidh agus ghluais sé an bóthar lé na chlár. Ar an slighe do bhuail gasra saighdiúirí leis. Nuair a chonnaic sé chuige iad shín sé siar i ndíg an bhóthair. Thángadar fé na bhrághaid. Bhíodar á phriocadh is á chorruighe ach ní dhúiseochadh sé. Bhí sé ana ghlic. Thugadar fé ndeara an clár agus an scriobhnóireacht a bhí air agus dubhairt an captaein leo é sin a ghlacadh bog mar go marbhóchadh sé d'aon bhuille amháin iad.
Ghluaiseadar leo agus nuair a bhíodar bailithe as a radharc d'éirig se agus bhí sé ag siubhal roimis. Bhí an oidhche ag teacht agus gan aon tig na chómhgar ná aon tig aige lé feicsint.
Fé dheire chonnaic sé solas beag tamall uaidh dhein sé air. Tig feirmeora dob eadh é. D'iarr sé lóistín. Do fuair. D'iarr fear an tighe ar an raghadh sé ag(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Sheáin Ach Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Márthain, Co. Kerry