School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an máthair dá thórramh an oidhche céadhna agus gur aon sochraid amháin a bhí acu. Anois ní raibh aoinne ag Éamonn chun cabhruithe leis istig ná amuigh. Is é ní a bheartuig sé ná ar blúire talmhan a dhíol. Dhíol sé an talamh pé beag nó mór a fuair sé air agus scaoil sé fé'n Oileán Úr. Pé duine a bhuail leis i dTrághlí dubhairt sé leis filleadh abhaile go raibh tonn dá aos istig is go raibh sé mós críona chun dul thar lear.
D'fhill Éamonn abhaile. Bhí an bothár tighe roimis sin a raibh. Ó leig sé uaidh an talamh ní raibh buanacht aige ar chliabh feamnaighe, ar chloch nó ar fhochais. Do ghaibh sé síos chun Cuas Bán an Dúna mar a raibh aláram do'n bhaile ag cur feamnaighe ar barra le cléibheanna. Dubhairt duine acu leis mar a raibh buanacht féin aige dul ag cur feamnaighe ar barra. Thóg Éamonn an cuireadh. Ba mhaith leis é fhághail. Ní raibh mórán curtha ar barra aige is é ag gábhail an tslighe síos do shatail sé ar cheann dá lóipiní gur baineadh an bonn uaidh is do buaileadh 'na pleist marbh é síos ar thóin na cuasa.
Seo scéal fíor agus dá léightí as leabhar é do shamhlóchaidhe gur ceapadóireacht a beadh(continues on next page)- Collector
- Brighid Bhodhlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry