School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 537
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí amadáinín ann fadó agus ní raibh aige n-a mháthair ach é agus bhíodar an-bhocht. D'imthig an t-amadáinín amach ceann de na laetheannta agus bhuail luthragán leis, agus bheir sé air. Dúbhairt an luthragán scaoileadh leis agus aon rud d'iarradh sé air go dtabharfadh sé dho é. Dúbhairt sé ná iarrfadh sé faic air ach méisín meacan agus meadairín bláthaighe. Fuair sé é agus is é bhí go sásta agus d'imthig sé air abhaile go dtí na mháthair. Nuair a chonnaic an mháthair an méisín meacan agus an meadairín bláthaighe d'fhiafruig sí dho cá bhfuair sé iad agus dúbhairt sé gur chuma dhi. Bhí a ndóthain le n-ithe agus le n-ól aca annsan ar feadh tamaillín. Ceann de's na laetheannta d'imthig sé amach aríst agus chonnaic sé inghean an Rí - cailín ana-bhreagh - agus (agus) d'iarr sé ar Dhia agus leas an luthragáin mac óg do bheith aici sin. Saoluigheadh mac óg dhi i gceann trí rátha. Seo liútar leatar ag an Rí agus do bhí sé i reachtaibh an inghean do mharbhú agus níor bh'fhéidir le innsint cá raibh an t-athair. D'imthig an Rí agus chuaidh sé go dtí seandhraoí a bhí ann. Dúbhairt an(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Lubhaing
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Chalaidh, Co. Kerry
- Informant
- Beití de Lonndra
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Chalaidh, Co. Kerry