School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine air. Ar sí arís "Iarr ar Dhia agus ar leas an luthragán tig ósda do thógaint agus beimíd ar ár dtoil annsan". Do bhailibh a raibh do luthragáin ar fuaid an domhain agus bhí an tig ósta tógtha lar na bháireach. "Cuirfimíd gairm-scoile amach chuin cuireadh dinnéir a thabhairt do sna daoine uaisle go léir agus gan amhras beidh m'athair 'na measg. Mar sin do bhí. Do bhailig na h-uaisle i gcian is i gcomhgar agus do bhí an t-athair ar an gcéad dhuine. Do bhí corn óir ar an mbórd is nuair a bhí ithte ag an athair dubhairt sí le n-a fear iarraidh ar Dhia an corn a chur síos i bpóca a hathar. Mar sin do bhí. Nuair a bhí an chuideachta ag cur díobh abhaile d'fiafruig bean a' tighe cá raibh an corn a bhí ar an mbórd. Do mhionnaig is do dhearbhuig a raibh láithreach ná raibh sé ag éinne aca agus ní raibh duine ortha níos dánaighe ná an t-athair ag áiteamh nách aige féin a bhí sé. Dubhairt sí go gcaithfí iad a chuardach. Do chuarduigheadh agus cá bhfaighfí an corn aguc thíos i bpóca a h-athar. D'fhógair sí cúirt air agus d'athchuinig sé uirthe gan a chur agus go dtabharfadh sé dhi a raibh aige. "An raibh inghean agat?" ar sí. "Do bhí" arsan t-athair. "Ní maith an chrí do chuiris uirthi" arsa sí "ach í do scaoileadh amach leis(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Lubhaing
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Chalaidh, Co. Kerry
- Informant
- Beití de Lonndra
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Chalaidh, Co. Kerry