School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis nuair fuair sé imthighthe iad agus dul malairt bóthair leis na caoirigh. Nuair a bhain an beirt eile amach an Baile d'Fhiafruigheadar de'n gaduidhe dubh cá raibh a gcomrádaí. "Tá beirthe air" is dócha" ar siad agus tuille an tubaiste chuige. Chuadhmair féin gcarraid ár ndóchain do". Fé cheann tamaill bhuail an garsún cnag ar dhoras an gaduidhe. "Cé tá annsan?" arsa sé. D'oscluigheadh an doras de phreib nuair d'aithnigheadar cé bhí ann. Bhagair sé isteach na caoirigh. Cuir an gaduidhe dubh scarta gáire as nuair chonnaic sé caoirigh an mhinistir.
Seadh mharbhuigheadar iad láithreach bonn & bhí da soitheach mhóra feola ortha. Do thug an Gaduidhe Dubh ceathramhadh caoirfheola, bulóg aráin agus rudaí nách iad do 'n garsún le tabhairt abhaile chuig a mhátharcríona. Chuir sé dhe go mear agus chuir sí fáilte roimis. "Feach anois a Mhamchriona" ar sé "gur maith an chéard í an ghaduideacht" & do leag sé chuichi ar an mbórd na bronntanaisí. "Ní fheadar an domhain a ghradh ghil" arsí.
Chuaidh sé ar ais dtí an gaduidhe agus cuireadh an rua ar an mbeirt eile; níor b'e leis an mbuachaill ámhthach.
Scadh do bhí bulán mór ag an ministir annsan i n-ionad na gcaorach. "Ba bhreagh ar fad an soitheach(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ni Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Mhártain
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry