School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 554

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 554

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 554
  3. XML “Scéal - Coisín fé Chroisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Bí sa t-siubhal liom mar sin" arsa Donnchadh.
    B'súd leo annsan. Agus iad a cur an bhóthair díobh chonnacadar fear i ngort agus a chluas leis an dtalamh aige. "Cad é'n chúram atá annsan ort?" arsa Donnchadh. "Táim ag éisteacht leis an bhfear a' fás" ar seisean. "Is a Rí na nGrást" arsa Donnchadh "ní dócha go bhfuil aon phadh agat as an obair aistig sin". "Mhaise is fuirist aithint ort gur leath-amadán tu" agus an chainnt sin a chur asat. Tá cúig púint i naghaidh 'n rátha agam agus is beag liom é". "Dá dtabharfainn-se deich bpúint dhuit" arsa Donnchadh an dtiocfá linn?" "Thiocfainn" ar seisean go láidir. "Siubhal leat mar sin" arsa Donnchadh. Bhíodar ag greadadh leo annsan agus bhuail fear leo agus gunna aige ag cosaint páirce cruithneachtan ar na préacháin. Bhain Donnchadh aighneas as. "Cad é do phadh annsan a fhir an ghunna?" ar sé. "Cúig púint" ar sé sin. "Dá dtabharfainn-se deich bpúint dhuit arsa Donnchadh an dtiocfá linn"? "An nglacfadh madra cnámh?" arsa fear an ghunna "Mise an fear agat".
    D'imthigheadar i gceathrar ortha annsan gur bhaineadar amach tig Mháire Ní Réagáin. Breacadh an lae a bhí aca ach má b'eadh ní 'na codladh a bhí Máire taréis tamaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Ciobháin
    Gender
    Female
    Address
    Na Gorta Dubha, Co. Kerry