School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreach ann fadó go raibh aon ingean amháin aici darb' ainm di Leidirín. Phós Leidirín fear darbh' ainm dho "Micí na Muc". Fear an-channcarach is an-ghortach do b'eadh é agus níor theastuig uaidh an t-sean-bhaintreach bhocht a bheith sa tig. Bhí sé ad' iarraidh an ruaig a chur uirthe agus an tig a bheith fé féin is fé na mhnaoi. Chuir sé in umhail do'n t-seanbhean go raibh dochall aige roimpe agus gur b'fearra dhi bheith ag bailiú lei as an dtig. Dubhairt a bhean go gcaithfeadh sí féin cóta plainín a dhéanamh dá máthair sar a bhfágfadh sí an tig. Thosnuig sí ar an obair, ag nighe na holna is á tíormú,ag déanamh roiléithi dhi agus á sníomh. Thóg sé seacht mbliana uaithe sar a raibh an cóta críochnuithe aici. Nuair a bhí sé déanta aici ní ar a máthair a chuir sí é ach uirthe féin. Bhuail sí a máthair thiar ar a drom is d'fhág sí slán ag "Micí na Muc" is buail 'on doras amach. Chuir sí an bóthar go tapaidh dhi ar eagla go dtuitfeadh an oidhche ortha sara mbuailfeadh aon tig leo. Ní thárlaig duine ná daonaidhe leo go dtángadar go dtí tig(continues on next page)
- Collector
- Máirín Bhodlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Ard na Caithne, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Bhodhlaeir
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Ard na Caithne, Co. Kerry