School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)-odar ag cur an arbhair. Labhair an dardaol agus dubhairt "Inde" "Inde". D'imthig na saighdiúiri ina ndiaidh. Bhí an Mhaighdean Mhuire is Naomh Sheosaimh ag cur dóibh agus bhuail miúil leo. Bhí an Mhaighdean Mhuire an-thraochta agus dubhairt Seosaimh léi dul anáirde ar an miúil. Tharraing sé isteach taobh an chlaidhe. [?] mhiúil ach do raid sí. Bhailuigheadar leo annsan agus ní fada a bhíodar nuair a bhuail asal leo. Dubhairt Seosaimh le Muire dul anáirde ar an asal agus tharraing sé isteach cois an claidhe é. Bhíodar ag cur dóibh tuigh te i gcomhnaidhe agus ní gearr gur bhuail aodhaire caora leo agus lán an ghuirt do chaoire aige. Dubhairt Seosaimh leis, an leanbh a chur isteach fé'na chasóig agus dá dtagadh na saighdiúirí chuige a rádh gur uan a bhí fé'n gcasóg aige. Bhailigheadar leo annsan. I gcionn tamaill tháinig na saighdiúirí agus d'fiafruig duine aca do'n aodhaire(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Chiobhain
- Gender
- Male
- Informant
- Pádruig Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Occupation
- Fíodóir
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry