School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 451
- XML “Amhrán Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán Beannaithe
“Mo mhairg, mo cheasnaí, is mo thúirse, ¶ Cad a dheanfaidh lucht drúire agus póit?”
Amhrán Beannuighthe.
(1)
Mo mhairg, mo cheasnaí, is mo thúirse,
Cad a dheanfaidh lucht drúise agus póit ?
An aicmin a thug maisle do'n Úir Mhac,
Ag spalpadh na mbuín is ag ól.
Mar mheasaim ní slachtmhar é a gcúntas,
Is is aindhis mar cúiseamhar iad fós,
Gan gradam i gcathair an Úir Mhic
Mar a gcasaid ar chúmhadh agus ar bhrón. (2)
A pheacaig dhein machtnamh agus iompuig,
Agus glaoidh chúghat ar Úir Mhac na h-Óigh,
Seachain-se peaca na drúise,
Mar sé mheallan gach prionnsa deas óg.
Beidh an t-aingeal go minic id' chúram,
Agus banrioghain gheal Úir Mhic na h-Óigh,
Agus nách feárr í mar charaid lá an chúntais,
Ná cailín deas chrúidhte na mbó. (3)
Tiocfaidh Mac Muire le liúnreamh ,
Chun breitheamhantas do thabhairt orainn fós,(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Cathalláin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Cathalláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry