School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 601
- XML “Scéal Fiannaíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Fionn agus na Fianna lá agus fuaireadar cuireadh dul go dtí pálás a bhí in aice na Sionainne. Chuadar. D'fhan Fionn agus cuid aca aige baile. Nuair a chuadar go dtí an bpálás ní raibh aoinne ann chun fáilte a chur rómpa agus chuir san ana ionganadh ar na Fianna.
Bhi teine breágh mhór ann agus suídheadar síos ar an úrlár in aice leis. I gcionn tamaill d'feach gach aon rud ana gránna. Mhúch an teine breágh agus ní raibh ann ach dotach. Dúbhairt na Fianna go raghaidís abhaile aríst mar ná raibh aoinne ann.
Thugadar iarracht ar eiríghe ach bhíodar ceanghailte don dtalamh. Lé na linn sin chogain Fionn a árdóg chun fhíos a bheith aige conus a bhí na Fianna . Nuair a fuair sé amach gur mar sin a bhiodar bhí sé i gcruaidh chás.
D'imthigh sé féin agus a raibh slán d'es na Fianna go dtí an Iorbhuidh chun an rí a bhí ann a mharbhú agus a chuid fola a thabhairt leó. Ní raibh aon leigheas eile chun na Fianna a sábháilt.(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry