School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 657
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)faille agus iad go léir gearrta ag na carraigeacha. Do chuireadar sceála go di's na maíreálaigh a bhí i mBaile na nGall. Tánadar go dtí an bhfaill agus scaoileadar síos teádan go dtí an ceatharar. Bhí coirc ar an dtéad a thug ana chabhair doíbh teacht go barra. Do tugadar go dtí Baile na nGall iad i gcoíste agus ní raibh ionnta ach an (?). D'fanadar annsan ar feadh trí seachtmain agus annsan chuadar abhaile.
Aimsire an gorta fuair moran daoine bás agus cuireadh morán daoine i bPórt na Muirbhige gan comra gan bairlín lín ach poll a dhéanamh dóibh ar nós an ainmidhe agus tá a gcnámha le fághail fós. Bhí an saogal ar a dtoil ag na súipeanna an uair sin. Ní mar sin do's na Caithilicig. Bhíodar ag fághail báis leis an ocras agus is dócha ná mairfadh aoinne aca muma mbeadh mín na deírce a thugadh an sagairt paroíste doíbh, ach do iompuig morán aca sar a bhfuaireadar mín na déirce.Fuaireas an t-eolas seo ón mháthair S. Ní Dómhnaill, Cíll Maol Ceadar- Collector
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry
- Informant
- Siobhán Ní Dómhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry