Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Greadadh chúghat a 'Kennedy gránna sgólta
Is in Ifrinn thíos is mó atá do shíol
Is fadó do dhiúltuíghis an tAifrinn glórmhar
Agus is sia ná san ó glacais Corp Críost.Do dhein sé amhrán eile mar gheall ar Seán Bán a bhris a chos. Do bhí Seán Bán ag siúl sráid an Daingin agus do thuit sé agus do bhris a chos. Seo cuid de:
1.
"An cuimhin leat an lá úd a fuair Seán Bán an t- ósbairt
Leagadh sa tsráid é agus láithreach thóg Eógain é
Tugadh an "ward" é mar do b'é an cnámh a bhí leónta
Do cuireadh an tadhmad do bfearra leis ar an cnámh ar an nóimit11.
Do bhíodh an "Nuns" gach lá ag léigheamh na "Psalms" don bhfear breóidhte
Acht nuair a fuair sé níos fearr, thugadh sé "walk" chun an coach-house(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann