School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 376
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí feirmeóir mór ar an dtaobh thoir de Tráighlí agus bhí cúig nó sé de bhuachaillí aimsire aige...”
Bhí feirmeóir mór ar an dtaobh thoir de Tráighlí agus bhí cúig nó sé de bhuachaillí aimsire aige. Oidhche amháin dúbhairt sé leo dul amach agus daoine d'fághail a bhaineadh an coirce leo. Bhí ortha imtheacht thar roilig ---- cúpla lá roimhe sin cuireadh cailín go raibh a lán airgid aice {a} agus do cuiread ar an óir agus an t-airgead go léir isteach léi san uaidh. Dúbhairt na buachaillí go dtógfaidís an óir go léir a bhí istigh léi san uaidh. Do thógadar an cloch agus do cuaidh duine darbh ainm Seán Bán isteach an noimeat sin do cúladar fothrom agus do rith na buachaillí agus do thuit an cloch síos ar Seán Bán agus tháinigh sluagh eile agus {d'ardfhíodar} an cloch agus suas le Seán Bán. Do thuit na daoine eile le sgannradh agus fuair Seán Bán an t-óir go léir.- Collector
- Éamonn O Ruaidrí
- Gender
- Male
- Address
- Baile an tSagairt, Co. Kerry
- Informant
- Séamus Mach Síthigh
- Gender
- Male
- Address
- Baile an tSagairt, Co. Kerry