School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 409
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé ana-bhocht. Bíodh sé ag dul timcheall na tíre ag lorg déirce...”
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ana-bhocht. Bíodh sé ag dul timcheall na tíre ag lorg déirce. Lá amháin do bhuail sé isteach í dtig feirmeóra agus d'iarr sé deoch ar bhean an tíghe ach ní bhfuair sé an deoch. Nuair a chuaidh sé isteach sa tig eile dúbhairt an bhean go raibh f(í)iche bó ag fear an tíghe eile.D'iarr sé ar bhean an tíghe ach dúbhairt seisean, "Is amhlaidh a bhím ag ceannach bainne óduine de's na cómharsan ach tá braon beag fáchta agam," agus thug sí dó é. Gaibh sé a bhuidheachas agus d'imthigh sé go h-athasach. An maidean 'na dhiaidh sin nuair d'eirigh sí d'féach sí amach agus cad a chífeadh ach bó bhréagh ar an dtaobh amuigh den doras. Bhí dath glas ar an mbuin ach níor an bhean ach árthach d'fhághail agus í do crúdh. Nuair a bhí an bhó cráidhte d'imthigh sí síos an bóithrín. 'Sé an t-ainm a bhí ar an mbuin ná(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Address
- An Chuileannach, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Address
- An Chuileannach, Co. Kerry