School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 411
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá tobar Naomh Breanndáin ar bhárr Cnoch Bréanainn. Tugadh an t-ainm sin air ó naomh a bhí ann fadó darb ainm Naomh Breanndán...”
Tá tobar Naomh Breanndáin ar bhárr Cnoch Breánainn. Tugadh an t-ainm sin air ó naomh a bhí ann fadó darbh ainm Naomh Breanndán. Téigheadh na daoine chun trusna do dhéanamh ann fadó agus do bhíodh Aifreann ann ag an naomh.La amháin do bhí oiread san daoine gur dhearmad sé leabhar an Aifrinn. Do bhí tigh beag aige ar bhun an cnuich agus tugadh an leabhar suas cuige ó duine go duine. Do chuaidh sé ar turas go dtí America agus deirtear gurbh é an céad fear a fuair amach é.Nuair a bhíodh na turasna ann fadó tabharfadh na daoine go léir braon de'n uisce abhaile leó agus deirtear go raibh leigheas éigin san uisge. Téigheann na daoine ann anois ar an 29 adh lá de Mheitheamh chun Aifreann d'eisteach ann.- Collector
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- An Chuileannach, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig O Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- An Chuileannach, Co. Kerry