School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An Br. P. Ó hAragáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 420

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 420

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Page 420
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bacadh ann fadó agus bhíodh sé ag lorg déirce. Chuaidh sé isteach í dtig agus fuair sé gráinne cuirce...

    (continued from previous page)
    sé ar ais dúbhairt an bhean leis go dtáinigh capall isteach agus gur bhris sé cos na muiche. "Is liom-sa an capall" ars' an fear. "Ní leat í" ars' an bhean. Do thugadh an beirt os cómhair na cúirte ach b' éigin don mbean an capall do sgaoileadh leis an bhfear. Do thomáin se an chapall isteach i dtigh eile agus dúbhairt se le bean a' tíghe an capall a coimeád dó. Nuair a bhí sé amuigh do tháinigh chailín isteach agus do sgaoil sí an capall. Nuair a dtáinigh a' bacach isteach dúbhairt an bhean leis gur sgaoil chailín í. "Is liom-sa an cailín" ar seisean. "Ní leat" ars' an bhean. Sa deire dob' éigin an cailín a sgaoile leis. "Níor mhaith léi siúbhal in aonacht leat" ars' an bhean, "agus cuirfidh mé isteach í mála í" "Tá go maith" ars' an bacach. Thug sé an cailín isteach í seomra ach do chuir sí madra mór bán isteach in ionad an chailín. Thug sí an mála annsan don bacach agus bhuail seisean ar a dhrom é. D'imthigh sé go bárr an cnuich agus bhí sé chun í do chaitheamh leis an bhfaill. Nuair d'oscail se an mála léim an madra amach agus as go bráth leis. Bhí sé ag feadghail air an madra ach níor tháinigh sé. Do fágadh annsan é gan coirce, gan cearc, gan muc, gan capall tréis an lae.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1655: The Profitable Exchange
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó hUallachaín
    Gender
    Male
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
    Informant
    Peadar Ó hUallachaín
    Gender
    Male
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry