School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an ainmhidhe bhí an tarbh ag dul ar lár ann. Tháinig Oscar suas leis. Chomh luath is a fuair sé an chaoi tharraig sé an géag idir an dá adharc agus leag sé fuar marbh é.
Thug sé a aghaidh ar thigh an Ríogh. Bhí iongnadh ar an Righ nuair a chonnaic sé an duine ag teacht mar cheap sé ná féadfadh sé an tarbh do sheachaint. Bhí an Rí ag féachaint amach tríd an bhfuinneoig agus d'fhiafruigh sé de cad a bhí uaidh.
"Tá" ar seiseann "an Corn 'sa Stór a ghuidis ó Fionn Mac Cumhail ó Éirinn nó comhrach." "Ní'l aon dul agat ar é sin d'fhághail" arsa an Rí "ach geobhair comhrac do dhóthain". "Tá go maith" arsa Oscar "buail chughainn iad.
"An mór atá uait?" arsa an Rí. "Cúig céad ar mo láimh dheis, sé céad ar mo lámh chlé, seacht gcéad taobh thiar díom agus naoi n-oiread san go léir ós mo chómhair amach." Fuair sé iad ar maidin lár na máireach. Chuir sé faobhar ar a chlaidheamh. Bhain sé ceann ar an gcéad scríob, ceann is céad ar an dtara scríob. Bhí sé ag tarrac ortha mar sin go dtí go rabhadar go léir leagaithe aige. Bhí an fear deireannach marbh aige sar a chuaidh an ghrian fé um thráthnóna.
Tar éis an chatha d'fhiafruigh Oscar de'n Rígh an bhfaigheadh sé an Corn 'sa Scór. Dubhairt an Rí ná faigheadh muna bhainfeadh sé amach é le láimh láidir.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry