School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sé leis an Rígh an méid fear a bhí aige a chur chuige. Do dhein agus do dhein Oscar an rud céadna leo. Do thuig an Rí annsan go gcaithfeadh sé féin troid leis. Chuir sé trí bhrat cruadaighe ar féin. Chuadar ag troid le chéile lár na mbáireach agus bhíodar ag troid go dtí tráthnóna. Bhí an Rí chomh tuirseach san gur iarr sé sos comhraic air. Chomh luath is a bhí na focail sin ráidhte aige, d'imthigh ceann de na brataibh cruadaighe i gan fhios dó. Bhí a fhios san ag Oscar toisc go ndubhairt Fionn Mac Cumhail leis é. Ag fágaint tír na h-Éireann d'Oscar fuair sé buidéal ó Fionn. Chimil sé an stuif a bhí sa bhuidéal dá chroiceann agus bhí sé slán fuláin arís. Thuit gach nidh amach an tarna lá díreach mar a thuit amach an chéad lá. B'é an sgéal céadna leis an tríomhadh lá. Bhí na trí brait cruadaighe imthighthe de'n Righ. Chuaidh Oscar ag troid leis an Rí an tríomhadh lá acht toisc gan aon bhrat cruadaighe a bheith air ní raibh seasamh ar bith aige i n-aghaidh Oscair. Chuaidh sé go tigh an Ríogh. Fuair sé an Corn 'sa Stór, thug sé aghaidh ar an carachán agus súid leis abhaile. Chuir Fionn agus a chuid fear fáilte fial roimis. Cuireadh ar an mbórd é agus bhí dinnéar breagh acu. Bhí tuirse ar Oscar agus chuaidh sé a chodladh. Deirtear gur fhan sé i n-a chodladh ar feadh míosa. Tugadh aire do'n Corn 'sa Scór as son amach agus ní cloistear a tuille in-a dhiaidh sin faoi.
- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry