School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Grúgach agus FionnBhí bean ann fadó. Bhí beirt mhac aice agus cuplaí dhob' eadh iad. Ba mhór lei an trioblóid a bhí sí ag fághailt uatha. Lá amháin do buaileadh isteach i n-a h-aigne go mb'fhearra dí iad a bháthadh. Dhein sí dhá chiseán agus chuir sí leanbh isteach ins gach ceann. Leig sí síos leis an abhainn iad. Báthadh duine acu acht d'fhan an ciseán eile ag snámh ar bhárr an uisge.
Bhí bean ag siúbhal ar bhruach na h-abhann tamall maith ó'n áit 'nar chaith sí isteach iad. Nuair a chonnaic sí an ciseán is an leanbh istigh ann tháinig iongnadh uirthe. Thug sí abhaile é agus d'fhás sé suas ar nós gach buachalla eile. B'é siúd an leanbh go dtugtar Fionn Mac Cumhail anois air. In-aois a seacht mbliadhan bhí sé ag eirghe ciallmhar. Cheap sé gurb í an bhean a thóg é a mháthair agus mar gheall ar sin bhí sé ceanamhail uirthi.
Nuair a théigheadh sí go dtí an Baile Mór(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Padraig Mac Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry