School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 089](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_089.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 089
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é. Bhíodar mar sin i rith an lae go tráthnóna.
Bhí Fionn curtha traochta amach ó bheith ag rith ar feadh an lae. Caithfeadh Fionn a ordóg a chogaint go dtí an cnámh chun fios d'fhághail. Ní dheineadh sé é sin go mbeireadh cás bruaidh air. Shuidh sé síos agus thosnuigh ag cogaint. Fuair sé fios go marbhochadh an Gruagach é muna ndéanfadh sé an mhéar dho ghearradh de féin.
Chuaidh sé ar bharra na faille annsan. Chuir sé a mhéar anuas ar chloc agus fuair sé cloc eile. Ghearraidh sé an mhéar de féin. Rug sé ar an mhéar acht chaith sé síos go bun na faille é. Tháinig an Gruagach suas leis. "Cá bhfuilir a fháinne" ar seisean. "Táim annseo ar mhéir Fhinn Mic Cumhail ó Éirinn" ars an fáinne. Súid [?] leis an Gruagach go dtí an áit i n-ar chualaidh sé an fáinne ag cainnt. Súid [?] léis síos go bun na faille. Marbhuigheadh é. Tháinig Fionn Mac Cumhail abhaile go sásta leis féin. Sin mar a fuair Fionn Mac Chumhail an fios.- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Padraig Mac Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry