School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 007
- XML “Ní Bhíonn Aon Fháilte Roimis an mBás”
- XML “Droichead a' Teaidí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)orm gur bh'é an bás a bhí ann feuchaint ar bh'é an grá' ceart a bhí agat dom. Ach anois" arsan fear leis an mnaoi,"gaibh-se do bóthar féin agus geobhad-se mo bhóthar féin an chuid eile dem' shaoghal"agus níor ghaibh an lanú le chéile as san amach.
- Droichead a' Teaidí Conchobharach do bheadh "Teaidí"- b'fhéidir gurab' é'n ainm ceadna le "Téidí" é. Bhí ceathrar ingean ag Teadaí. Phós duine acu Jack i gCeann-Áird b'in í máthair Ghriagair Aghas. mac do Ghriagaire do b'eadh Tomás a cailleadh de dheasgaibh an Hunger Strike i Mountjoy. Inghean eile de Theaidí a bhí pósta ag Athair Jack Bhilly- Brosnachánach ar an bhfoiraigh [?] Inghean eile a bhí pósta sa tobar annso thíos. mac dí a bheadh Eoghan Eichtigeirn agus bhí an bhean eile pósta ag athair Jim Dowd thíos ar an gCoill Mhóir in aice an Clocháin. Cuir isteach anois cad é'n fhaid ó glaodh Droichead a Teadaí ar Dhroichead Lios-póil.
( Pádraig Ó Súilleobháin 78 Ceannárd - a chualaidh go rabhthas ag cur droichid nuaidh i Liospóil- bhíos-sa á cheistiú i dtaobh an tsean-dhroichid agus fáth gur tugadh "Teaidí" air agus cén fhaid a bhí sé tógtha 7c. [etc.] S. Ó Súilleobháin O.S.)- Collector
- S. O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry