School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 105
- XML “Allagar na hÓige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A mhicó m'anama is mór an léan liom
Tú ar dí-céile is tú i dtúis do shaoil (shaoghail)
I ngádh le h-ainir is gan pingin spré 'ci
Is go mbeir led' shaoghal ag rómhar sa díg
Is mó go mb'earra dhuit beantighe thréitheach
Go mbeadh a buaibh a'géimreach a'teacht chun do thighe
Do chapall ceannasach ag dul chun aonaig
'S an sgilling ghléigeal i gcómhair na díghe.
Bheirim mo dhealbh duit go bráth na tróigfeadh(tógfad)
Aon chailleach tuatach is mé go h-óg
Go mbeinn 'n fhaid mhairfinn mo chroidhe na liún dubh
Ná sgarfadh liúmsa go dtéighinn faoi'n bhfód
Is mór gur b'fhearra liom ainir mhúinte
Go mbeadh lasa 's lúnnra na leacain chóir
Bheadh ag beathú leanbh dom go h-úr glas-shúileach
Is gur mhaise liúm iad im'dhiaidh nó rómham.
Bheirim mo dhealbh duit go gcaoinfir fós
nuair a bheir id'lóma is tú a' rómhar sa díg
Ag glaodhach ar maidin ort ag fear ded'chómharsain
Is gan fiú na bróga fí thrácht do bhuínn
Nuair a bheidh a bríge tairigthe gan chaidhp gan chlóca
'S nách ró breágh an tseóid í ná congnamh tíghis
'S gan braon de'n mbainne héin do'n a leanbhaí óga
Ach d'iarraig iad a thógat ar deór a cinn.(continues on next page)