School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 047
- XML “Gleanntán Aoibhinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gleanntán AoibhinnNí h-ar an gcnoc is aoirde a bhíodh mo mhuinntir
Ach i nGleanntán aoibhinn i bhfad ó láimh
go labhrann chuach ann fí dho sa tsamhra
go bhfuil órna buidhe ann agus cuirtneacht bán. Bíonn ba bíonn laoig ann, bíonn bric 'na slaoidibh
San eala bhínn dheas ar loch ag snámh
Bíonn ál na tímcheall i ló 'gus d'oidhche
Agus beóir dá líonadh dom'mhúirnín bhánCá bhfuil an féirín do gheallais féin dom
Gúna craobhach de'n b'faisean nuadh
Nó ribín réiltean ar dath na gréine
'S mé im'mharcach aonmhar (nó aerach) ag gabháilt lem'rún.Ní hé do fuaireas ach botháinín fuar fliuch
An ghaoth aduaidh ann 'san fuacht im'chrádh
Mo chosa a' stiúrsa faoi mhaidí'n túrna
faoi mhaidí 'n túrna 's an taoinnte im'láimhMo ghrádh 's mo stóir tú cé'r liúm gur b'óg tú
Gan céadta 'm phóca is go n-éaluighinn leat
Trís na comhangair is na coillte clómhair
'S mo lámh go módhmharach ar do bhrollach geal.- Informant
- Bean Uí Dubain
- Gender
- Female
- Address
- Arda Mór, Co. Kerry