School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 101
- XML “An Chéad Bhancaeir a Bhí sa Daingean”
- XML “Abha an Lóndraigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus theastóchadh san ó'n roilg.
- Gluaiseann sruthán uisge as Loch Bheárna Gaoithe agus sgéitheann sé anuas tríd an bparróiste seo go mbaineann sé amach an Trá' Bheag annso thíos. Abha a Londraig a tugtar ar an sruthán san. Bhí an Lóndrach na chómhnuidhe mar a bhfuil an Fhotharach(Fotharach Mór) anois. Ní fheadar cad d'imigh air ach d'fhág sé an tigh mór ann gur thuit sé i i ngabhál-a-chéile agus sin é fé ndeara Fotharach-Mór do ghlaodach ar an mbaile sin riamh ó shoin. Is amhlaidh a bhíodh an Lóndrach so agus fear mór eile- ní fheadar anois cad é'n ainm a bhí air sin- agus an parróiste roinnte eatortha. Ach bhídís i gcomhnaidhe in araid le chéile i dtaobh na habhann. Cé'r leis í nó ciacu ba mhó cál cúiche b'shin í an cheist. Is mó uair a bhaineadar fuil-mhairt as a chéile ar na bóithre agus ar bhruach na h-abhann chómh maith mar gheall uirthe. Ach níorbh aon réidhteach ar an sgéal é sin. Fé dheire chuadar fé dhéin breithimh go ndéanfaidís an chúis do phléigh os a chómhair. D'éist an breitheamh an chúis agus dubhairt sé go réidhteócadh sé an cheist i gcionn ceithre uaire fichead. D'orduig sé dóibh araon dul abhaile agus maidean lá'r na mháireach an té go mbeadh an t-athrú ba mhó déanta ar an abhainn aige roimh éirighe na gréine ba leis ainmiú na h-abhann agus fé na riara a bheadh. Chuadar abhaile, bailigh duine acu mitheal mhór fear agus thug sé iarracht ar chaidhséar na h-abhann d'athrú(continues on next page)
- Informant
- Tomás Mac Gearailt
- Other names
- Tomás Mac Gearailt
- Tom Jimeen
- Gender
- Male
- Occupation
- Siúinéir
- Address
- Gaddagh Bridge, Co. Kerry