School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí leath-phic linn curtha againn an bliain sin agus dá dtabharfaí leath an aire dos na h-iniúin anois bheadh iniúin agat agus is gearr a dhíolfaidís asta féin.
Dheinidís an talamh do rómhar' ar dtúis. Ní raibh na céachtaí ann an uair sin agus d'á mbeidís féin níor bhfiú é thabhairt isteach i bpaiste beag agus bheith á iompó agus á chasadh. Tímcheall le leath-chéad talmhan a chuir an leath-phic. Dheinidís an ithir do rómharadh is do chíoradh is do mhionú go binn ar dtúis agus do ghlanadh is do riarú chómh maith agus dob'fhéidir agus na sgraitheanna agus na mion-chlocha do phriocadh as. Níl aon bhaoghal ná go bhfuigheadh sé aire thabhairt do. Deintaí an síol-ruis do chrothadh is do leathadh ann annsan mar a déanfá paiste síol-ghabáiste. Nuair a bhíodh sé lán fásta annsan caithtaí é tharrach leis an láimh as na príacha agus punannacha maith móra a dhéanamh de agus é chur 'na sheasamh mar deintear na stuaiceanna coirce anois, gan aon cheann air, é chur i bpoll duíbhe-línn annsan agus é fhágaint ag bogadh 's ag lobhadh fé mar a bheadh beart tuigí, go ceann coighcíse nó pé fhaid a bhíodh beartuighthe dho. Tógtaí amach as an bpoll é leathtaí tanaí na straipeanna geairide 'na strip ó bhárr go bun an ghuirt, é fhágaint ann go mbíodh sé tirim.
Is dócha gur b'feáirde é báisteach d'fhághail. Bhíodh sé dubh salach smeartha tar éis an phuíll. Ní tógtaí níos túisge ná seachtmhain é ach go h-áirighthe. É bhailiú na punannacha airís nuair a bhíodh sé tirim glan. É chur ar an streagán os cionn(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry