School: Killorglin (B.) (roll number 12832)
- Location:
- Killorglin, Co. Kerry
- Teacher: Ml Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Killorglin (B.)
- XML Page 303
- XML “Aodh Mionán (Nó Beanán)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aodh Mionán (nó Beanán)
(Nóta: Thug an scéulaidhe an dá ainm air)
Bhí fear 'na chomhnuidhe thoir annso i gCill Fhorglan sa chaisleán fad ó agus Aodh Mionán (nó Bhanán) Ó Muircheartaigh a b'ainm do agus deirtear go raibh dhá adhairc bheaga ag fás ar a éudan. Ní raibh fhios ag aoinne, ámh go rabhadar air mar do leigeadh sé dá chuid gruaige d'fhás go fada. Ní baintí í ach uair sa bhliadhan, agus an bearbóir a bhaineadh í, do cuirtí chun bás é ar eagla go 'neósfadh sé an scéul do dhaoinibh eile agus gurbh éigin d'Aodh gan bheith 'na thaoiseach a thuille.
Uair amháin is é mac baintrighe a toghadh chun na gruaige do bhaint d'Aodh agus nuair a chuala an bhaintreach an droch scéul, d'imthigh sí ag triall ar Aodh agus d'iarr sí air gan a h-aon mhac do chur chun báis in ao' chor, agus d'eirigh léi geall fhaghailt uaidh na deinfidhe aon nidh dá mac ach go gcaithfeadh sé an rún do choimeád do féin.
Tháinig lá na bainise agus thug an bearbóir bocht cuaird ar an gcaisleán agus úrlaisí a cheirde 'na ghlaic aige. Do dhein sé a chuid oibre go slachtmhar fé mar ba ghnathach leis agus chuaidh sé abhaile arís, ach ó'n lá san amach bhí sé(continues on next page)- Collector
- M. Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Killorglin, Co. Kerry
- Informant
- Séamus Ó Cathalain
- Gender
- Male
- Age
- c. 75
- Address
- Reen, Co. Kerry