Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aodh Mionán (nó Beanán)
(Nóta: Thug an scéulaidhe an dá ainm air)
Bhí fear 'na chomhnuidhe thoir annso i gCill Fhorglan sa chaisleán fad ó agus Aodh Mionán (nó Bhanán) Ó Muircheartaigh a b'ainm do agus deirtear go raibh dhá adhairc bheaga ag fás ar a éudan. Ní raibh fhios ag aoinne, ámh go rabhadar air mar do leigeadh sé dá chuid gruaige d'fhás go fada. Ní baintí í ach uair sa bhliadhan, agus an bearbóir a bhaineadh í, do cuirtí chun bás é ar eagla go 'neósfadh sé an scéul do dhaoinibh eile agus gurbh éigin d'Aodh gan bheith 'na thaoiseach a thuille.
Uair amháin is é mac baintrighe a toghadh chun na gruaige do bhaint d'Aodh agus nuair a chuala an bhaintreach an droch scéul, d'imthigh sí ag triall ar Aodh agus d'iarr sí air gan a h-aon mhac do chur chun báis in ao' chor, agus d'eirigh léi geall fhaghailt uaidh na deinfidhe aon nidh dá mac ach go gcaithfeadh sé an rún do choimeád do féin.
Tháinig lá na bainise agus thug an bearbóir bocht cuaird ar an gcaisleán agus úrlaisí a cheirde 'na ghlaic aige. Do dhein sé a chuid oibre go slachtmhar fé mar ba ghnathach leis agus chuaidh sé abhaile arís, ach ó'n lá san amach bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cathalain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí