School: Lough Arrow
- Location:
- Lough Arrow, Co. Sligo
- Teacher: Cathal Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lough Arrow
- XML Page 099
- XML “An Gabháltas”
- XML “Neamhchothromacht an Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I rith an t-ochtmhadh agus an naomhadh aoise déag, budh é méad an mhuadhon-feirme uá cúig acra déag nó mar sin: Nuair bhéadh athair na cloinne ag fághail bháis, roinn sé é De ghnáth imeasg a bheirte mhac agus a ingean. Ní rinneadh an t-udhacht mar déantar anois, acht dubhair an t-athair go mbéadh an pháirc seo ag aon mhac agus go mbéadh a leithéid seo de pháirc ag an mac eile, agus is ar an mbealach seo a bhfuair siad a gcoda de'n fheilm. Ag an am sin do choinnig fear a ghabháltas fa "choingheall" no fá "léas" leis an "dtighearna talmhan".
- Ba mhinic a bhí dhá roinn talmhan ag fear fa léas ag an dtighearna talmhan. Is minic frieisn agus ba ro-mhinic do shanntuigh an tighearna talmhan aon phíosa talmhan agus gcobhadh sé é de chóir no de eagcóir. Ní thúibhradh sé cead do'n tionóntuidhe dá theach a bheith ar a roinn talmhan. Dá teach comhnuidhthe no "Dá teine" mar deirtí ins an am sin a bheith ar an bhfeilm