School: Lough Arrow
- Location:
- Lough Arrow, Co. Sligo
- Teacher: Cathal Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lough Arrow
- XML Page 104
- XML “Bainis Mhall Rua O' Reachtabhrach”
- XML “Na Seanchabáin Lathaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do mhair an bhainfhéis ar feadh seachtmhaine agus i rith an ama sin go léir, bhí neart bidh agus dighe le fághail aca. Bhí ceól da sheinnt ar na málaí píopaí agus ar na fídiógaibh agus rinncí Gaedhealacha da ndamhsughadh go lúthmar, eadtrom
ogas (?). Ní raibh spóirt ann go dtí é, agus mhair an lánamhain posta go sona, séanmhar ar feadh bliadhanta fada in a dhiaidh. - Ar dtuís romharadh an talamh, in áit a mbéádh an cré feiltamhnach: Annsin cartadh anuas an cré in a charn mór; annsin cuireadh bruíb luachra agus uisge tríd agus chuireadh asail agus capaill ag sathailt air. Bhíodh na fir gha mheasgadh le sluasaidí. Nuair a bhéadh an cré sathailte agus measgtha go maith aca, gheibhidis gabhail agus ghnídí na ballaí leis: Indiaidh na ballaí bheith déanta aca, chuirídis an díon air: Bhíodh na frathacha mór adhmaid déanta as crainn dáraighe aca agus taobhan mór adhmaid ag dul ó chean go ceann. Ar na(continues on next page)