School: Lough Arrow
- Location:
- Lough Arrow, Co. Sligo
- Teacher: Cathal Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lough Arrow
- XML Page 106
- XML “An Carn Aoiligh”
- XML “An Tornóg”
- XML “Na Tornóga Bricí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag an ndríosúr. B'in iad na sórt tíghthe a bhíodh ins an bparóiste seo i lár na naomhadh aoise déag.
- Ghnítí an tornóg de chlocha coithcianta, clocha narbh fhéidir a ndóigheadh. Annsin gheibhti an chloch aol i gcoiléar. Bhristi an chloch aol in a chlochaibh beaga agus caithti isteach ins an dtornóig iad, agus cuirti sraith de chlocha agus sraith de teine gach ré uair. Móin ba mhó an ádhbhar teine a ghníthi úsáid dé.
- Ghníthí na bricí seo as cre. Rómharadh an cré, agus cuirti uisge tríd; annsin ghníthí an cre do shathailt go maith. Gníthí na bricí do fhuirmhuighadh as. Tar éis sin cuirti na bricí ar bárr na tornóige agus cuirtí teine bheag faoi. Tugataoi "Tornóg Fionnfhuar" ar an dtornóg sin. D'fhágtaoi na bricí annsin go mbéidhís cruaidh tirm. Indiaidh sin uaireannta cuirti na bricí seo aríst ar an dtornóig agus cuirti teine mhór futha. Ghníthí iad do dhéanamh níos cruaidhe fós, agus(continues on next page)