School: Lough Arrow
- Location:
- Lough Arrow, Co. Sligo
- Teacher: Cathal Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad an baile. Thosuigh an dearbhráthair ba shine ar comhairgamh a dhéanamh ortha go bhfeiceadh sé an rabhadar go léir ann. Rinne sé dearmad air féin a chomhairiú agus ní raibh sé in-ann a fhághail amach acht aon-fhear-déag. Rinne an dara dearbhráthair ba shoine an cleas ceadna agus níor chomhairigh sé acht aon-fhear déag. Rinne sé dearmad air fhéin a chomhairiú freisin. Rinne an dearbhráthair eile agus gach dearbhráthair in a dhiaidh an dearmad ceadna. Ni raibheadar in-ann a thuigsint an dearmad a bhí déanta aca. Cheapadar annsin go gcaithfeadh go mbéadh aon fhear díobh ar fán ar fud an bhaile mhóir. Bhi an daréag ban ann ceart go leór acht de réir leo féin ni raibh acht aon dhearbhrátair déag ann. Chuairtúigdar an baile mhór acht tasg na tuairisg ni raibh lé fágháil acha ar an dearbhrathair seo b'fhactas dóibh bheith caillte. Bhíodar i sáinn, agus ghlacadar comhairle lé chéile agus a ndaréag ban. Sa deire cheap an mac ba sine ar phlean, agus dubhairt sé le gach mnaoi d'en daréag a fhear a ghlaodhadh amach(continues on next page)