School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 307
- XML “Ainmneacha Gaelacha na Dúthaí”
- XML “Na Ceiltigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmneacha Gaedhealacha na Duthaighe'Sé an t-ainm sloinne is líonmhaire atá sa dúthaigh anois ná "O Concubhair" = 32 chlainn; agus "O Liaghain" an tarna h-ainm = 16 clanna; agus O Brosnacháin an 3adh h-ainm = 12 chlainn.Cé go bhfuil 18 gclanna de sloinne "Riada" sa paróiste - Ní ainm Ciarraidheach "O Riada." Tháinig sliocht Chonaire adtuaidh ó Ultaibh go Ciarraidhe timpal 200 A.D. B'é Cairbre O Riada Mac Chonaire.Bhí Conchubhair mar taoiseach i gCiarraí Luachra chómh fada siar lé h-aimsir Chormaic Mhic Airt - le nar throid sé cath ar theórainn Chiarraidhe Luachra.Ainm a bhaineann lé Sliocht Ciarraí leis isead "O Liaghain" b'féidir go bhfuil baint ag an ainm seo lé Cathair Leithín.
- Na deoraidhthe a tháinig go Ciarraí Luachra timpal na bliadhna 400 R.C. do thugadar leó teanga na h-Éireann agus eólas ar iarann.Cé go bhfuil ainmneacha abhann ABHANN agus a SLIABH sa duthaigh níos ársa ná an Gaedhilg teasbáineann sé seo go raibh daoine ann sar a dtáinig na Ceiltigh (e.g. Mis. Riagh. Muisire. srl.) Tár éis teacht idtír dos na Ceiltigh fé'n mbainrioghain Scotia in Inbhear Scéine do throideadar cath i nGleann Scoithín - (7 míle taobh thiar theas dinn) - in-ar marbhuigheadh an bainrioghan Scotia. Tá leac mhór sleibhe san áit in-ar cuireadh í
"Do tógadh a liagh ós a leacht agus do(continues on next page)