School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is deacair a dheunamh amach cerbh' iad féin nó cad as a dtangadar ar dtúis. Deirtear gur shíolruigh siad ó's na "MacClouds" - ó Oileán Sgíth in-larthar na h-Alban agus go dtangadar go h-Éirinn ar dtúis in-éinfeacht lé Ga;fridus de Marisco - árd-ghiúistís Éireann, agus gar-mhac do Strongbó.
'Sé an de Mariscó sin a thóg Caisleán in - Oileán Chiarraidhe sa bhliain 1215.
Do phós mac Mhuiris (2adh barún Leac Snánga) Maire Mac Ealaghóid ó Bhaile 'n Gaille 1303. (Bhí an Mac Muiris seo in-éinfeacht lé Edward 1 in-Albain - ag troid i gcoinnibh na n-Albanach:) Mar spré lei do fuair sé na bailtí fearainn seo leanas:-
Gaille, Uaimh-Bhréanainn, Clochán MacCuinn agus alan eile.
Is mo slighe a sgríbhtí an t-ainm fadó eg. MacCloud, McLeod, M'Alliod, M'Elgot, In- Annála Ríoghachta Eireann fé'n mbliain 1246A.D. tá ann tuairisc ar fear darbh'ainm M'Elgot - a bhí mar árd-mhaor Normánach i gCúige Chonnacht agus a marbhuigheadh sa Ghaillimh. D'réir an Donnabanaigh do shíolruigh Muintear Mac Ealaghóid uaidh se(continues on next page)