Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 316
- XML “Bunú Eaglaisí sa Dúthaigh”
- XML “Seaneaglaisí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bunú Eaglaisí sa DúthaighTar éis na h-aimsire sin - tháinig socrú ar riaghlú na h-Eaglaise sa Dúthaigh.D'eirigh leó sar i bhfad naoi n-eaglaisí do bhunú sa Dúthaigh.Ba nós leis na sean daoine na mairbh do chur i reilg bheannuighthe in aice lé teampall nó ins an dtalamh timcheall air. B'shin é an fáth go bhfeictí na sean téampaill i lár na reilge.Ba ghnáth leis gur cuireadh an t-ainm "Cill" ar a lán des na sean-teampaill sin. Tá 8 reiligí ins na h-áiteanna inár seasuigh na naoi sean chealla. Dréir beal oideasa bhí ceann leis ins an naomhadh cill.Is iad so na sean-eaglaisí a bhí sa Dúthaigh seo:-
- (1) CILL DUBHÁit atá míle ar an dtaobh thuaidh de'n scoil (Uaimh-Bhréanainn) iseadh Cill Dubh. Bhí reilg ann ina cuirtí na mairbh idir óg agus aosta. Ní'l aon reilig ann fé láthair. Ní'l ann acht sean-cheallúrach nó sean-chealltreach ina cuirtear leanbhaí - ná baisteadh - in-uaimh i gcúinne na h-áite. Tá acha 1/4 achra fé'n gceallúrach san. Is fuiris dul isteach ann tré bhóithrín a ritheann tar thig Uí Chadhla - an tigh is giorra do'n áit.(leanann ar an chéad leathanach eile)