School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 310
- XML “Ogham Galláin”
- XML “Umha - Cloch - Fulacht Fia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa talamh. Tugtar "Gallan na Síothchána" air. Cuireadh an t-ainm sin air de bhrígh go dtagadh naimhde a bhí in-earraid le na céile agus go ndeinidís síothcháin nó cáirdeas arís ag an ngallán.
Taisbeánann na galláin sin áit adhlactha na laochradh agus na dtaoiseach.
Acht tá áit eile sa paroiste ag Cnocán Currach atá lán de leachtaí. Tá an áit in a bhfuilid (1/4 míle ar fhaid agus 1/8 míle ar leithead) suidhte ar an dtaobh thuaidh de'n Glaise Riag (5 míle taobh thuaidh de'n scoil). Tá casán chruadha - agus iad cludaighthe lé feur anois - ag rith tríotha. Níl aon eolas i dtaobh "na leachtaí" san acht isé ainm áiteamhail atá ortha ná "The leachts" - Is deacair a rádh cathain a tháinig an chéad dream go Sliabh Luachra - acht an dream a tháinig timcheall na bliadhna 400 R.C. thugadar leó an claidheamh iarainn agus teanga na h-Éireann. 'Sé is dóichighe go raibh daoine sa dúthaigh seo i bhfad rómpa san. Caithimíd dul siar ar an stair go dtí am ná raibh eolas ar iarann ag na daoine. Acht muna raibh eólas acu ar iarann bhí eólas aca ar umha agus ar chrédhumha.(continues on next page)